Студопедия
Случайная страница | ТОМ-1 | ТОМ-2 | ТОМ-3
АрхитектураБиологияГеографияДругоеИностранные языки
ИнформатикаИсторияКультураЛитератураМатематика
МедицинаМеханикаОбразованиеОхрана трудаПедагогика
ПолитикаПравоПрограммированиеПсихологияРелигия
СоциологияСпортСтроительствоФизикаФилософия
ФинансыХимияЭкологияЭкономикаЭлектроника

XXXVII.

Читайте также:
  1. XXXVII. Благодеяния Луны
  2. XXXVII. О СВОЙСТВАХ ТАТАР
  3. XXXVII. Соломон на вершине своей славы. Царица Савская. Падение Соломона и его кончина55.

Agus níorbh iad na daoine sin amháin a bhí cionntach sa cheilg go raibh a n-aigne iompaithe uainn. Bhí an choitiantacht go léir, trína ndúil in athrach beatha, i bhfabhar do ghnóthaíbh Chatilína. Is é nádúr na coitiantachta rud den tsórd san a dhéanamh. In aon tsórd stáit is gnáth na daoine dealbha ag formad le daoine fónta, agus ag moladh an drochdhuine. Bhíonn fuath acu don bheatha a bhíonn acu agus dúil acu san athrú. Le gráin ar an saol a bhíonn acu is don athrú a bhíd siad ag obair. Ní chuireann an suathadh ná an annriantacht aon bhuaireamh aigne orthu. Ní baol don dealbh cailliúint. Ach coitiantacht na cathrach so, chuadar san san anachainn ar fad agus bhí mórán cúiseanna leis. An chéad phoínte ná ’ chéile dhe, an mhuíntir ba mhó cáil drochiompair agus drochmhúineadh ins gach aon bhall; ansan, an mhuíntir a chaill a gcuid trína mírialtacht féin; ’na dteannta san, an mhuíntir ’nar dhíbir a ndrochghníomhartha nú a bhfeillbhearta as a mbailtibh dúchais iad; isteach sa Róimh a thánadar go léir, fé mar a ritheann an t-uisce síos i mbun na luinge. Dá n-éaghmais sin bhí a lán ’nar chuímhin leó caithréim Shulla agus conas mar a bhí fir ná raibh iontu ar dtúis ach saighdiúirí singile agus do tháinig chun bheith ’na bhfearaibh seanaide, agus ’na n-uaislibh saibhre, agus bia agus cóir ríoga orthu. Mheas na daoine a bhíodh ag cuímhneamh ar na nithibh sin go mbeadh an scéal ar an gcuma gcéanna acu féin dá mbeadh caoi acu ar arm a ghlacadh agus ar bhuachtaint i gcogadh. Ansan, na fir óga a bhí ag tuilleamh a bpáigh go cruaidh le sclábhaíocht, nuair a tugadh na breabanna dhóibh go fial thánadar isteach sa chathair mar a mbeadh dar leó, suaimhneas acu ón sclábhaíocht. Bhí an t-olc poiblí ag teannadh leó san agus leis an gcuid eile go léir. Níorbh iúnadh, dá bhrí sin, daoine dealbha, droch-chleachtacha, lán de dhóchas, a bheith chómh haimhleasta don stát agus ’ bhíodar dóibh féin. Ansan arís, na daoine ’nar chuir caithréim Sulla a muíntir lasmu’ de choimirce dlí, i dteannta laíodú saoirse d’imirt orthu féin, bhí an fháilte chéanna acu roim theacht cogaidh. Mar bharra air sin go léir, gach éinne a bhí ag gabháil páirte i gcoinnibh na seanaide b’fheárr leó an stát dá shuathadh ná iad féin do bheith gan chómhacht.

Olc ab ea é sin a bhí tagaithe thar n-ais tar éis mórán blian.

Молитва на ирландском. Примечания:

anachainn: “calamity, disaster, misfortune”, or anachain in the CO. Dul san anachainn is listed by Dinneen as “to go to the devil”, probably meaning in this context “to go over the top, to be very far gone with something”. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows the pronunciation is /ə’nɑxiŋʹ/.
annriantacht: “unruliness”, or ainriantacht in the CO. This word stands where “sedition” is used in the English version of Catilina. The original spelling, annriantacht, might suggest a diphthong, but the transcription in Leitiriú Shímplí points to /ɑn-riəntəxt/. This word doesn’t seem to be given in Dinneen’s dictionary.
barra: “top”, /bɑrə/, a Munster colloquial form of bárr, /bɑ:r/. Both forms are found in WM Irish. Mar bharra ar, “in addition to”.
buaim, buachtaint: “to be victorious, to win”, or buaim, buachan in the CO.
coitiantacht: “the people in general, the general public”.
cruaidh: “hard”, or crua in the CO. The singular adjective is pronounced /kruəgʹ/, with the comparative and plural adjective, originally spelt cruadha, pronunced /kruə/.
droch-chleachtach: this word is not given in dictionaries, but means “with poor manners or poor breeding, given to vices”.
feillbheart: “foul, treacherous deed”. Pronounced /fʹelʹi-vʹart/. This word is masculine in the CO, but probably feminine in PUL’s Irish, as beart is feminine in his works.
mírialtacht: “disorderliness, dissipation”.
pá: “pay, wages”. The genitive is spelt páigh here, pointing to a pronunciation /pɑ:gʹ/, but the Leitiriú Shímplí edition transcribed as if the genitive were pronounced /pɑ:/. More research is required here: both páidh and pádha are listed in the genitive in Dinneen’s dictionary.
singil: “single”, but saighdiúirí singile means “private soldiers”.
teannaim, teannadh: “to press, squeeze, inflate”. I am unclear what ag teannadh leó san means here, but the English version of Catilina says “to these, and all others of similar character, public disorders would furnish subsistence”. Teannadh le is normally “to press something on someone”. It could possibly mean “providing support or a prop to someone” in the context here.

XXXVI.

D’fhan sé féin beagán laethanta i bhfocair Chaius Flaminius Flamma in Arretium, ag gléasadh na ndaoine fé arm, mar gur hiarradh orthu roimis sin arm do ghlacadh. Ansan do tháinig sé go longfort Mhanlius agus na fascanna aige agus na nithe eile a bhaineann le fórlámhas. Nuair a fuaradh amach an méid sin sa Róimh do chin an tseanaid go mba namhaid Catilína agus Manlius, agus do ceapadh lá don chuid eile den tslua chun na n-arm do chur uathu. Dá gcuiridís uathu na hairm roimis an lá san do leogfí saor iad, ach amháin éinne ’na raibh choir bháis in’ aghaidh, agus gur daoradh sa choir é. Dá éaghmais sin do cineadh do sna Consalaibh slógadh ’ dhéanamh, agus ansan Antónius do dhul i ndiaidh Chatilína agus Ciceró do thabhairt aire don chathair.

De réir mo bhreithiúntais féin ní raibh an scéal riamh chómh holc ag stát na Rómha agus a bhí an uair chéanna san. Ó éirí na gréine gona dul fé bhí an domhan go léir fé smacht ár n-arm. Bhí suaimhneas sa bhaile againn agus saibhreas líonmhar ag teacht isteach chúinn, an dá ní is mó ag daoine. Agus fós bhí Rómhánaigh ann agus bhí socair ’na n-aigne acu iad féin agus stát na Rómha do chomáint ar neamhní. Mar, tar éis dhá reacht na seanaide, as an mórshlua san, níor tháinig oiread agus éinne amháin chun gnóthaí na ceilge do nochtadh ná chun na n-arm a chur uaidh sara dtiocfadh an lá. Thaispeáin san cad é an neart a bhí sa drochní a bhí tagaithe ar aigne a lán Rómhánach mar a thiocfadh pláig éigin.

Еще одна молитва на ирландском. Примечания:

Arretium: Arretium, a city in central Italy, known as Arezzo today.
breithiúntas: “judgment, discernment”, or breithiúnas in the CO.
Caius Flaminius Flamma: Caius Flaminius Flamma, a Roman who Catilina stayed with after his conspiracy had been discovered. Nothing else appears to be known about this person.
dul fé na gréine: “the setting of the sun”, i.e., the west.
éirí na gréine: “the rising of the sun”, i.e., the east.
go: “to”, becoming gona with the possessive particle. This usage seems rare, and likely to be go dtí a in the CO (and indeed in less formal WM Irish).
namhaid: “enemy”, pronounced /naudʹ/. Traditionally námha, the dative has now replaced the nominative. Namhaid is also used in the plural, where naimhde would stand in the CO. With nominative singular and plural both namhaid and genitive singular and plural both namhad, it is only morphologically apparent when the plural is being used with the dative plural, namhdaibh.
pláig: “plague”, or plá in the CO. This word was traditionally spelt pláigh, but the gh is pronounced /gʹ/ in WM Irish, much the same as tráig, “beach”, from tráigh.

 


Дата добавления: 2015-08-20; просмотров: 101 | Нарушение авторских прав


<== предыдущая страница | следующая страница ==>
Пункция вен свода черепа катетером - “бабочка”.| Сохранение и развитие народных традиций в художественном коллективе

mybiblioteka.su - 2015-2024 год. (0.007 сек.)